Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
D’aistrigh a uncail an t-amhrán seo do Hughie le ceol le hAisteoirí Ghaoth Dobhair i ndráma am amháin. Síleann sé nach bhfuil cóip ar bith eile den aistriúchán ar an amhrán seo le fáil:
Ceolann sé “Beannaigh an teach seo” (Bless This House). | 00:02:32 | |
Bhí sé sa chór in Anagaire le daichead bliain. Nuair a oirníodh an tAthair Ó Searcaigh as Rann na Feirste agus d’iarr máthair an tsagairt air ceol aonarach a dhéanamh i rith an oirniú agus rinne sé sin. Cheol sé amhráin cosúil le Panus Angelicus. | 00:02:17 | |
Ceolann Hughie amhrán béarla, “Little Grey Home in the West”. | 00:01:57 | |
Tá ceangal ag a theaghlach leis an amhrán agus an dán a dúirt sé níos luaithe, cheol a dheartháir “Little Grey Home in the West” ag a bhainis, bhí sé ina bestman, tá a dheartháir marbh anois. Máthair a bhean céile, Síle Mac A’Bhaird, a thug “Caoch O Leary” do ar dtús, bhí an dán aici féin nuair a bhí sí óg go bhfuair sí bás. Mary Mhicí Néill a b’ainm dá máthair, bhí sí pósta ar Eoghan Mac A’Bhaird as Cloch Glas.
Píosa staire faoi theaghlach Shíle:
Tá leac cuimhneacháin d’uncail Shíle i gcuimhne an chéad éachta a rinne Óglaigh na hÉireann i gCogadh na Saoirse nuair a d’fhuascail siad Séamus Mac A’Bhaird agus Séamus Ó Dubhthaigh ó shaighdiúirí Sasana in Eanáir, 1918 i Mín Beannaid. Gabhadh an bheirt acu in Ailt an Chorráin. D’imigh Séamus Mac A’Bhaird go Meiriceá ina dhiaidh sin. | 00:04:24 | |
Amhrán i mbéarla, Smilin Through. | 00:02:24 | |